Stráice Gaza
| Ainmnithe in ómós | Cathair Gaza | |||
|---|---|---|---|---|
| Suíomh | ||||
| Críoch á éileamh ag | Iosrael | |||
| Tír | Stát na Palaistíne | |||
| Príomhchathair | Cathair Gaza | |||
| Daonra | ||||
| Iomlán | 2,141,643 (2024) | |||
| • Dlús | 5,867.52 hab./km² | |||
| Teanga oifigiúil | an Araibis | |||
| Tíreolaíocht | ||||
| Cuid de | Stát na Palaistíne Iarthar na hÁise an Meánoirthear Israeli-occupied territories (en) | |||
| Achar dromchla | 365 km² | |||
| Imeallbhord | 42 km | |||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | Besor River (en) | |||
| Pointe is airde | Abu Auda (en) | |||
| Ar theorainn le | ||||
| Sonraí stairiúla | ||||
| Cruthú | 1949 | |||
| Eachtra thábhachtach | Israeli disengagement from the Gaza Strip (en) Battle of Gaza (2007) (en) Coimhlint Fatah-Hamas Gaza War (2008–2009) (en) 2010 Gaza flotilla raid (en) 2012 Gaza War (en) Coimhlint Iosrael–Gaza 2014 Operation Guardian of the Walls (en) Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2022 Agóidí Gaza-Iosrael, 2018-2019 Cogadht Iosrael-Hamas | |||
| Eagraíocht pholaitiúil | ||||
| • Ceannaire an rialtais | Mahmoud Abbas (2005–) | |||
| Eacnamaíocht | ||||
| Airgeadra | seiceal nua | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
| Lonnaithe i gcrios ama | ||||
| Glaochód | +970 | |||
| Cód ISO 3166-2 | GZZ |
Stráice talún sa Mheánoirthear is ea Stráice Gaza (Araibis: قطاع غزة Qiṭɑʿ Ġazza/Qita' Ghazzah, Eabhrais: רצועת עזה Retzu'at 'Azza), atá suite ar chósta na Meánmhara idir Iosrael agus an Éigipt.
Tagann an t-ainm ó chathair Gaza. Níl cuan ar bith ag an Stráice.
Tá barr ar dhá mhilliún duine ina gcónaí i nGaza agus a mbunáite i gcruatan leis na blianta marbha mar gheall ar easpa saorghluaiseachta agus mírialú, gan trácht ar fhoréigean.[1]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mhill arm Iosrael an rúidbhealach in Aerfort Idirnáisiúnta Iasar Arafat le buamaí i 2000.

Is lú ná fríd máthair an oilc, deirtear. Ar an 12 Meitheamh 2014, fuadaíodh agus dúnmharaíodh triúr déagóirí Iosraelacha[2] i Heabrón (is in Heabrón atá an choilíneacht mhíchlúiteach Kiryat Arba[3]). Mhúscail an drochscéal seo conspóid agus thionscain sé ráig foréigin. Chuir Iosrael tús le feachtas ionsaí ar stráice Ghaza ar 8 Lúnasa. Stop na hionsaithe ar 26 Lúnasa 2014. Maraíodh 2,100̟ Palaistíneach ar taobh amháin agus ar an taobh eile, 68 Iosraelach.[4]
Tharla go leor ó shin ... Agóidí Gaza-Iosrael, 2018-2019, Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2021, Géarchéim Iosrael-Palaistín, 2022, Coimhlint Iosrael-Hamas, 2023 ...
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Hamas an t-aon pháirtí amháin atá i gceannas ar shaol polaitíochta na háite faoi láthair.
Baint Éireannach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2008 coinneáladh Naisrín Elsafty agus Treasa Ní Cheannabháin tamall i nGaza tar éis dóibh éalú thar teorainn isteach ón Éigipt le hairgead a bailíodh in Éirinn do theaghlaigh Phalaistíneacha.[5]
Vótáil an Dáil ar 10 Nollaig 2014 ar son rún ó Shinn Féin le haitheantas mar stát a thabhairt don Phalaistín.[6] Tugadh aitheantas sa rún freisin do cheart mhuintir na Palaistíne a dtodhchaí féin a roghnú. Dá bharr, d'éirigh Éire an 135ú tír a thug aitheantas mar stát don Phalaistín.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Íomhánna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Íomhá satailíte an Stráice
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2022-08-08). "Leoraithe breosla á ligean isteach i nGaza arís" (as ga-IE).
- ↑ "2014 kidnapping and murder of Israeli teenagers" (as en) (2020-06-10). Wikipedia.
- ↑ "Kiryat Arba" (as en) (2020-04-13). Wikipedia.
- ↑ "Súil siar ar nuacht idirnáisiúnta 2014" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-12.
- ↑ BBC News - ’Irishwoman to face military court’ - Feabhra 2008 Breathnaíodh air ar 6 Iúil 2011
- ↑ "An Phailistín aitheanta mar stát ag Éirinn" (as ga) (2014-12-11).