Navarra
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: litriú, gramadach, srl.
Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
| Comunidad Foral de Navarra (es) Nafarroako Foru Komunitatea (eu) Comunautat Forala de Navarra (oc) | ||||
|
||||
| Aintiún | Himne de Navarra | |||
| Suíomh | ||||
| ||||
| Stát ceannasach | an Spáinn | |||
| Príomhchathair | Pamplona | |||
| Daonra | ||||
| Iomlán | 678,338 (2024) | |||
| • Dlús | 65.28 hab./km² | |||
| Teanga oifigiúil | an Spáinnis an Bhascais | |||
| Tíreolaíocht | ||||
| Achar dromchla | 10,391 km² | |||
| Pointe is airde | Mesa de los Tres Reyes (en) | |||
| Pointe is ísle | Bidasoa (18 m) | |||
| Ar theorainn le | ||||
| Sonraí stairiúla | ||||
| Cruthú | 16 Lúnasa 1841 | |||
| Éarlamh | Naomh Proinsias Xavier agus Fermin (en) | |||
| Eagraíocht pholaitiúil | ||||
| Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas Navarra | |||
| Comhlacht reachtach | Parlaimint Navarre | |||
| • Uachtarán Navarre | María Chivite (2019–) | |||
| Údarás breithiúnach is airde | Ard-Chúirt Bhreithiúnais Navarre | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
| Lonnaithe i gcrios ama | ||||
| Cód ISO 3166-2 | ES-NC | |||
| Cód NUTS | ES22 | |||
| INE code (en) | 31 | |||
| Eile | ||||
| Suíomh gréasáin | navarra.es |
Is Comhphobal féinrialaitheach na Spáinne í Navarra (Bascais: Nafarroa) agus is chuid den Thír Bhascach í. Is í Comunidad Foral de Navarra a hainm iomlán Spáinnise, (Bascais: Nafarroako Foru Erkidegoa)
An Comhphobal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá teorainn ag Navarra leis An Tír Bhascach Theas (taobh thoir) , La Rioja (ó dheas), taobh thiar de Aragón agus ó thuaidh ta an Fhrainc
Leis an gcóras féinrialaithe, tá parlaimint (Parlamento de Navarra) agus rialtas (Gobierno de Navarra) féin aici. Tá na seirbhísí sláinte, fostaíocht, oideachas sóisialta, tithíocht, forbairt bailte, cosaint an timpeallacht faoi dhualgais an rialtais áitiúil (mar atá i ngach comhphobail féinrialaithe). Murab ionann agus na réigiún eile (cosúil leis an tír Bascach) tá dualgais iomláin aici faoi báiliú cháin Tá 272 contaetha sa cheantar Navarra ach cónaíonn aon-trían den daonra sa phríomhchathair Iruña (Spáinnis Pamplona)
Cultúr Dúchais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá meascán cultúr i Navarra, tá tionchar de chuid na mBascach ag teacht ó na sléibhte Piréineacha agus ón Meánmhuir trí abhainn na Ebro. Tá gleann an Ebro go maith i gcomhair fás na cruithneachta, na nglasraí, an fhíona agus fiú na gcrann ológa cosúil le na hAragóine agus La Rioja. Ba chuid den Impireacht Rómhánach í agus sna Meánaoiseanna rinneadh é taifa den ríocht Tudela. I rith an Reconquista, d'aistrigh muintir an tuaiscirt ó dheas. Sna Meánaoiseanna ba í crosbhealach í Iruña do na Bascaigh, Gasconaigh ó thaobh thall na sléibhte Piréineacha (an Fhrainc); agus cainteoirí Rómansúla.
Tá teanga na mBascach tar éis laghdaithe thar na blianta. Labhraítear an chanúint Nabháirise sa réigiún seo. Go minic tá comhghaol idir mhothúcháin Bhascacha agus labhairt na teanga. Ó thaobh polaitíochta de, tagann labhairt na Bascaise agus náisiúnachas Bascach le chéile, mar shampla tá páirtithe mar Batasuna, Aralar, Eusko Alkartasuna EAJ-PNV nó Batzarre níos láidre sa tuaisceart, áit a bhfuil labhairt na teanga níos coitianta. Páirtí eile atá sa réigiún Bascach ná an brainse áitiúil den PSOE, chomh maith le páirtithe réigiúnacha mar an UPN (Unión del Pueblo Navarro) agus Convergencia de Demócratas Navarros.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Ríocht an Navaire ann ar feadh tamail agus d'fhás sé as an contae timpeall ar Pamplóna an phríomhchathair traidisiúnta. Thosaigh sé nuair a throid an ceannaire Bascach Eneko Haritza in aghaidh na Francaigh, agus rinneadh Rí as. Bhí an Ríocht mar antaon ríocht neamhspleách Bascach go dtí gur tógadh í isteach sa Ríocht Castilla sa bhliain 1513.
Daonra & Riaracháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá 272 bardais i Navarra le daonra iomláin 636,142 (2018). Tá aon trían den daonra ina gcónaí sa phríomhchathair, Pamplona nó leath den daonra ina gcónaí in a mórcheantar uirbeach (315,988). Níl aon bardais móra eile sa réigiún. Níl ach 32,802 daoine ina gcónaí i Tudela.
| Bardais de réir Daonra (2017)[1] | ||
|---|---|---|
| Uimhir | Bardas | Daonra |
| 1.ª | Pamplona / Iruña | 197.138 |
| 2.ª | Tudela | 35.298 |
| 3.ª | Eguesibar | 20.417 |
| 4.ª | Barañáin | 20.124 |
| 5.ª | Burlada | 18.591 |
| 6.ª | Zizur Mayor | 14.686 |
| 7.ª | Estella-Lizarra | 13.707 |
| 8.ª | Ansoáin | 10.752 |
| 9.ª | Tafalla | 10.638 |
| 10.ª | Aranguren | 10.239 |
Polasaí Fuinneamhach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Navarra mar an ait is fearr san Eoraip de bharr a úsáid teicneolaíocht fuinneamh in-athnuaite. Tá pleanna aici le 100% fuinneamh in-athnuaite a bheith acu roimh 2010. By 2004 bhí 61% den fuinneamh mar fuinneamh in-athnuaite 43.6% ó 28 feirm ghaoithe 28, 12% ó uisce agus 5.3% bithmais agus bithghais. Freisin tá an monarchan chumhachtaigh fotovoltach is mó sa Spáinn (nó beagnach an cheann is mó)ag Montes de Cierzo de Tudela (1.2 MWp), agus na céadta cinn beaga.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Instituto Nacional de Estadística. (2017)
