Eurostat
Cuma
| Sonraí | |||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Cineál | Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh seirbhís staitistiúil | ||||||||||||||
| Réimse oibre | staidreamh | ||||||||||||||
| Stair | |||||||||||||||
| Dáta a bunaíodh | 1953 | ||||||||||||||
Ócáid shuntasach | |||||||||||||||
| 2000í | Scannal Eurostat | ||||||||||||||
| Gníomhaíocht | |||||||||||||||
| Ball de | DDI Alliance International Statistical Institute | ||||||||||||||
| Rialachas corparáideach | |||||||||||||||
| Ceanncheathrú (1998–) | |||||||||||||||
| Máthaireagraíocht | an Coimisiún Eorpach | ||||||||||||||
| Cuid de | Córas Staidrimh na hEorpa | ||||||||||||||
| Suíomh gréasáin | ec.europa.eu… | ||||||||||||||
|
Is í An Oifig Staidrimh Eorpach, ar a dtugtar Eurostat, oifig staidrimh an Choimisiúin Eorpaigh, a tháirgeann sonraí ar an Aontas Eorpach agus a chuireann chun cinn comhoiriúnú modhanna staidrimh na stát a chomhdhéanann é.
Ta dhá cheann dá róil thar a bheith tábhachtach:
- táirgeadh sonraí maicreacnamaíocha a thacaíonn le cinntí an Bhainc Cheannais Eorpaigh ina bheartas airgeadaíochta don euro, agus
- táirgeadh sonraí réigiúnacha agus aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh, a threoraíonn beartais struchtúracha an Aontais Eorpaigh.
Tá Eurostat ar cheann d'Ard-Stiúrthóireachtaí an Aontais Eorpaigh agus tá sé bunaithe i Lucsamburg. Is í Mariana Kotzeva an tArd-Stiúrthóir atá aige faoi láthair agus faigheann sí cúnamh ó 7 stiúrthóir, agus a n-earnáil gníomhaíochta féin ag gach ceann díobh laistigh de Eurostat.
