Jump to content

Coiscín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Coiscín neamhchorntha

Clúdach a chuirtear ar an mbod sula dtosaíonn comhriachtain is ea coiscín. As laitéis is sileacón a dhéantar coiscíní.

Bailítear seamhan (nó síol) an fhir i mealbhóg ag barr an choiscín, ionas nach mbeidh sé in ann dul isteach i gcorp mná chun toircheas a sheachaint.

Cuireann coiscín bac ar scaipeadh galar, amhail SEIF. Is cosaint mheicniúil an-éifeachtach é i gcoinne giniúna, agus i gcoinne SEIF is galar eile a tharchuirtear trí ghnéas. Is annamh a theipeann coiscíní[1]. Mar sin, úsáidtear coiscíní go forleathan san iarthar.

Coiscín

Is féidir blasanna éagsúla a bheith ar na coiscíní ar nós sú talún, banana, oráiste is araile. Cinntíonn sin go mbíonn blas deas ar an gcoiscín má tá duine ag diúl ar bhod agus coiscín á chaitheamh.

Rinneadh cur síos ar an gcoiscín mar chosaint i gcoinne sifilise sa 16ú céad, nach raibh ann ach truaill lín. D'fhionn Charles Goodyear an bolcáiniú rubair sna 1840idí, bunús le tionsclaíocht an rubair, agus dhíol sé coiscíní.

In Éirinn sna 1980idí, ’éirigh leis na dlíthe frithghiniúna a dhéanamh ní ba shaoire. Ritheadh an tAcht Sláinte (Pleanáil Clainne) sa bhliain 1985.[2] Dá bharr sin, bhí coiscíní le fáil in Éirinn don chéad uair!

  1. Your guide to contraception, HSE,
  2. "Contraception in the Republic of Ireland" (as en) (2018-08-25). Wikipedia.
Coiscín
Morty Proxy This is a proxified and sanitized view of the page, visit original site.